1Q. |
Cad é an difríocht idir Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla agus Ceadúnas oibreora? |
1A. |
Is é atá i nDeimhniú Inniúlachta Gairmiúla i mBainistiú Iompair Bóthair (CPC) ná cáilíocht a ligeann don sealbhóir gníomhú mar bhainisteoir iompair i ngnóthas iompair Bóthair. NÍ ceadúnas é chun oibriú san earnáil iompair Bóthair. Ní mór do gach gnóthas iompair Bóthair Ceadúnas oibreora a shealbhú chun oibriú ar fruiliú nó ar luaíocht, agus ceann de na coinníollacha a ghabhann leis an gceadúnas is ea nach mór don oibreoir bainisteoir iompair cáilithe a bheith aige ní aici i.e. duine a shealbhaíonn CPC. Is é an tAonad Ceadúnú Oibreora um Iompar Bóthair a eisíonn Ceadúnais oibreora. Is é an Chartered Institute of Logistics and Transport a eisíonn Deimhnithe Inniúlachta Gairmiúla (féach na mionsonraí i roinn na Nasc). |
|
|
2Q. |
féidir le sealbhóir Ceadúnais oibreora nó CPC an ceadúnas nó an deimhniú sin a thabhairt ar iasacht do dhuine eile? |
2A. |
Ní féidir. Baineann Ceadúnais agus CPC-anna go sonrach leis an sealbhóir agus ní féidir le haon duine seachas an sealbhóir iad a úsáid. |
|
|
3Q. |
Tá Ceadúnas oibreora náisiúnta agam. An féidir liom é a thiontú ina cheadúnas idirnáisiúnta? |
3A. |
Is féidir, ar choinníoll go bhfuil CPC idirnáisiúnta ag an mbainisteoir iompair. Déan teagmháil linn chun mionsonraí a fháil i dtaobh conas iarratas a dhéanamh ar thiontú. |
|
|
4Q. |
Tá Ceadúnas oibreora agam i gcáil trádálaí aonair. Is mian liom mo ghnó iompair a oibriú i gcáil cuideachta teoranta nó comhpháirtíochta anois. Cén tionchar a bheidh aige sin ar mo Cheadúnas oibreora i gcáil Trádálaí Aonair? |
4A. |
Beidh ort iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua in ainm na cuideachta teoranta nó na comhpháirtíochta agus doiciméid an cheadúnais trádálaí aonair a chur ar ais chuig an Aonad Ceadúnú Oibreora um Iompar Bóthair. Baineann na ceanglais céanna le cásanna ina bhfuil athrú á dhéanamh ó chuideachta theoranta nó ó chomhpháirtíocht go trádálaí aonair. Tabhair do d’aire nach mór gach feithicil a bheith cláraithe in ainm an iarratasóra ar an gceadúnas nua. |
|
|
5Q. |
An féidir liom Ceadúnas oibreora náisiúnta agus Ceadúnas oibreora idirnáisiúnta a shealbhú? |
5A. |
Is féidir, ar choinníoll nach bhfuil na feithiclí céanna atá ar an cheadúnas. |
|
|
6Q. |
An féidir liom gníomhú mar bhainisteoir iompair i ndáil le níos mó na Ceadúnas oibreora amháin? |
6A. |
Is féidir. Is féidir an duine céanna a ainmniú mar bhainisteoir iompair i ndáil le ceithre cheadúnas ar a mhéad, ar ceadúnais iad lena ngabhann líon comhiomlán uasta caoga feithicil, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Déan teagmháil linn chun tuilleadh mionsonraí a fháil, más gá sin. |
|
|
7Q. |
Tá CPC Tiománaí agam. An bhfuil mé cáilithe, dá bharr sin, chun gníomhú mar bhainisteoir iompair? |
7A. |
Níl. Tugadh an CPC Tiománaí isteach le rialachán de chuid an AE chun ardchaighdeáin sábháilteachta bóthair, sláinte agus sábháilteachta agus ardchaighdeáin tiomána a leagan amach agus a choimeád ar bun i gcás tiománaithe gairmiúla busanna agus trucailí agus is é an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a riarann é. Níl aon bhaint aige leis an CPC i réimse na Bainistíochta Iompair Bóthair atá á riaradh ag an Chartered Institute of Logistics and Transport. |
|
|
8Q. |
An féidir liom feithicil léasaithe nó feithicil fhruilithe a chur ar mo Cheadúnas oibreora? |
8A. |
Is féidir. Beidh ort cóip den léas nó den chomhaontú fruilithe a sholáthar agus ní mór an fheithicil a bheith árachaithe in ainm shealbhóir an cheadúnais. |
|
|
9Q. |
An féidir liom Ceadúnas oibreora a fháil más rud é nach bhfuil aon fheithicil agam? |
9A. |
Ní féidir. Baineann ceadúnais go sonrach le feithicil/feithiclí agus ní mór duit feithicil amháin ar a laghad a bheith agat (ar úinéireacht, á léasú nó á fruiliú) chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas. |
|
|
10Q. |
An féidir liom m’fheithicil féin a chur ar Cheadúnas oibreora duine eile? |
10A. |
Ní féidir. |
|
|
11Q. |
Seachadaim mo chuid earraí féin ar chustaiméirí. An gá dom Ceadúnas Náisiúnta Oibreora Tarlaithe Bóthair a bheith agam? |
11A. |
Ní gá. Níl gá le ceadúnas ach amháin i gcás ina bhfuil an t-oibreoir ag iompar earraí ar fruiliú nó ar luaíocht i.e. go bhfuil íocaíocht a fáil go sonrach i leith na hearraí a iompar. |
|
|
12Q. |
An bhfuil iompar earraí díolmhaithe ó na rialacháin cheadúnaithe i gcásanna áirithe? |
12A. |
Tá, mar shampla maidir le heallach, muca, caoirigh nó móin a iompar laistigh d’Éirinn nó maidir le bainne a iompar chuig uachtarlann nó ó uachtarlann. Léigh roinn na nDíolúintí chun liosta iomlán díolúintí a fháil. |
|
|
13Q. |
Cad iad na pionóis atá ann mar gheall ar oibríochtaí neamhcheadúnaithe iompair Bóthair a sheoladh? |
13A. |
Faoi Alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre 2011, má chiontaítear duine sa chion sin is féidir fíneáil suas go €500,000 nó téarma príosúnachta suas go 3 bliana, nó an dá phionós sin, a chur air nó uirthi. |
|
|
14Q. |
Cad iad na pionóis mar gheall ar oibreoir neamhcheadúnaithe iompair Bóthair a fhostú chun seirbhísí a sholáthar duit? |
14A. |
Faoi Alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre 2011, má chiontaítear duine sa chion sin is féidir fíneáil suas go €500,000 nó téarma príosúnachta suas go 3 bliana, nó an dá phionós sin, a chur air nó uirthi. |
|
|
15Q. |
Cad é an difríocht idir Ceadúnas Mórfheithicle Seirbhíse Poiblí (LPSV) agus Ceadúnas Oibreora um Iompair Paisinéirí Bóthair? |
15A. |
Déanann Oifig Carráistí an Gharda Síochána nó Oifig iomchuí áitiúil PSV an Gharda Síochána an Ceadúnas LPSV a eisiúint agus, chun an ceadúnas sin a fháil, ní mór an fheithicil a chur faoi scrúdú teicniúil. Is é an tAonad Ceadúnú Oibreora um Iompar Bóthair a eisíonn an Ceadúnas Oibreora um Iompair Paisinéirí Bóthair agus tugann an ceadúnas sin rochtain ar ghairm an oibreora iompair paisinéirí Bóthair. Nuair atá iarratas á dhéanamh ar Cheadúnas Oibreora um Iompair Paisinéirí Bóthair, ní mór duit Ceadúnas LPSV a bheith agat i leith gach feithicle ar leith ar mian leat go n-údarófar iad. Chun tuilleadh faisnéise a fháil i dtaobh conas iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas LPSV, léigh roinn Oifig na gCarráistí ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána ag www.garda.ie/Index.aspx. |
|
|
16Q. |
Tá Ceadúnas Oibreora um Iompair Paisinéirí Bóthair agam. Más é an ceadúnas sin amháin atá agam, an féidir liom seirbhís rialta sceidealaithe a oibriú feadh bealaigh shonraithe? |
16A. |
Ní féidir. Ní mór duit Ceadúnas Bóthair a bheith agat freisin, ar ceadúnas é a eisíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an roinn Ceadúnaithe Busanna ar láithreán gréasáin an Údaráis ag www.nationaltransport.ie |
|
|
17Q. |
Tá Ceadúnas Oibreora um Iompair Paisinéirí Bóthair agam. Dúradh liom nach mór dom Foirm Thurais a bheith agam má bheartaítear dul i mbun turais idirnáisiúnta. Céard í an fhoirm sin agus cén áit inar féidir liom ceann a fháil? |
17A. |
Déanann an Rannán Rialála Iompair Phoiblí den Údarás Náisiúnta Iompair Leabhair Foirmeacha Turais (ar a dtugtaí Billí Iompair) a eisiúint. Faoi Rialachán AE 1073/2009, ceanglaítear ar oibreoir bus an fhoirm sin a chomhlánú go hiomlán roimh dhul i mbun seirbhíse ócáidí/turais ócáidigh chuig tír eile de chuid an AE. Ina theannta sin, ceadaítear d’oibreoirí bus dul i mbun turas áitiúil (cabatáiste) laistigh den tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi ach ní mór turas áitiúil den sórt sin a thaifeadadh ar an bhFoirm Turais freisin. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an roinn Rialála Iompair Phoiblí ar láithreán gréasáin an Údaráis ag www.nationaltransport.ie. |
|
|
18Q. |
Tá feithicil tarrthála agam. An gá dom Ceadúnas Náisiúnta Oibreora Tarlaithe Bóthair a bheith agam? |
18A. |
Más rud é nach n-úsáideann tú an fheithicil ach amháin i gcomhair oibre tarrthála i.e. feithiclí ar bhain damáiste nó cliseadh dóibh a iompar, ní gá duit ceadúnas a bheith agat. Ach, má dhéanann tú aon obair eile ar fruiliú nó ar luaíocht e.g. feithiclí atá páirceáilte go neamhdhleathach a thabhairt chun bealaigh thar ceann na n-údarás nó feithiclí atá i riocht oibre a iompar, ansin is gá duit ceadúnas a bheith agat. |
|
|
19Q. |
Tá feithicil eile á cur le mo Cheadúnas oibreora/Tá feithicil á baint de mo Cheadúnas oibreora/Tá feithicil eile á cur in ionad feithicle atá ar mo Cheadúnas oibreora cheana féin. Cad iad na doiciméid atá ag teastáil? An bhfuil aon táillí le híoc ina leith sin? |
19A. |
Chun faisnéis a fháil faoi fheithicil eile a chur le mo Cheadúnas oibreora, faoi fheithicil a bhaint de mo Cheadúnas oibreora nó faoi fheithicil eile a chur in ionad feithicle atá ar mo Cheadúnas oibreora cheana féin, léigh roinn na bhFoirmeacha Ceadúnaithe Iompair. |
|
|
20Q. |
Dúradh liom gur gá dom deimhniú ADR a bheith agam chun earraí contúirteacha áirithe a iompar Bóthair. Cén áit inar féidir liom iarratas a dhéanamh ar an deimhniú sin? |
20A. |
Is é atá in ADR ná giorrúchán don Chomhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha Bóthair. Tá Rialacháin ann a bhaineann le hearraí contúirteacha a iompar Bóthair, lena n-áirítear pacáil, lódáil, líonadh agus dílódáil earraí den sórt sin. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an roinn faoi Iompair Earraí Contúirteacha Bóthair ar láithreán gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta ag www.hsa.ie. |
|
|
21Q. |
Tá sé beartaithe agam ualach neamhghnách a iompar. Cad é an pointe teagmhála ina leith sin? |
21A. |
Déanann na húdaráis áitiúla iomchuí (Comhairlí Contae nó Bardais) ina bhfuil an t-ualach le hiompar ceadanna a eisiúint i leith ualaí neamhghnácha nó ualaí speisialta. |
|
|
22Q. |
Céard é cabatáiste agus cad iad na rialacháin atá i bhfeidhm maidir le cabatáiste? |
22A. |
Ciallaíonn cabatáiste tarlú intíre amháin, laistigh de thír amháin, a bheith á sheoladh ag oibreoir coigríche. Cuireann rialacháin AE srian ar an méid oibríochtaí cabatáiste ar féidir le hoibreoirí tarlaithe na hÉireann iad a sheoladh sa Ríocht Aontaithe agus sa chuid eile den AE. |
|
|
23Q. |
Cén áit inar féidir liom bille iompair CMR a fháil? |
23A. |
Déanann Coinbhinsiún CMR rialáil ar fhreagrachtaí agus ar dhliteanais ionchasacha an iompróra le linn a bheith ag gabháil don iompar idirnáisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht. Tá forbairt déanta leagan caighdeánach den bhille iompair CMR nó den nóta coinsíneachta idirnáisiúnta Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis an Irish Road Haulage Association ag 01 8013380. |
|
|
24Q. |
I operate a Light Commercial Vehicle (i.e., van), do I require an operator licence? |
24A. |
If you are transporting goods within Ireland, you do not currently require an operator licence. If you are transporting goods internationally (EU and the UK including Northern Ireland) for hire or reward using vehicles with a maximum permitted laden weight exceeding 2.5 tonnes you do require an International Road Haulage Operator Licence. |
|
|