An Doiciméad |
Cuspóir |
Nasc |
Ceadúnas Náisiúnta Oibreora Tarlaithe Bóthair |
Chun rochtain a fháil, in Éirinn amháin, ar ghairm an oibreora tarlaithe Bóthair. |
Foirm Iarratais RHOL
|
Ceadúnas Idirnáisiúnta Oibreora Tarlaithe Bóthair |
Chun rochtain a fháil, in Éirinn agus san AE, ar ghairm an oibreora tarlaithe Bóthair agus eisítear an ceadúnas seo in éineacht leis an gCeadúnas Comhphobail. |
Foirm Iarratais RHOL
|
Treoir maidir le Ceadúnú Oibreora Tarlaithe Bóthair |
Eolas ar a riachtanais Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair agus conas a chur i gcrích ar an bhfoirm iarratais. |
Treoirlínte RHOL
Application for additional Euro Safe Certificates for vehicle and/or trailer
|
Ceadúnas ECMT (Comhairle Eorpach na nAirí Iompair) |
Le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí Bóthair, ar fruiliú nó ar luaíocht, ag oibreoir iompair atá bunaithe i dtír is ball de ECMT agus eisítear é ar bhonn córais cuóta. |
Iarratas ar Cheadúnas ECMT
Iarratas ar Dheimhniú Slán Euro III; IV; V: VI; nó EEV
|
Cead Déthaobhach |
Le haghaidh oibríochtaí iompair chuig an mBealarúis nó chuig an Rúis. |
Déan teagmháil leis an Aonad RTOL
|
Doiciméad maidir le Comhréireacht Táirgeachta (COP) |
Le linn dóibh oibríochtaí iompair idirnáisiúnta a sheoladh, moltar do thiománaithe doiciméad COP a bheith á iompar acu ar doiciméad é ina dtaispeántar astaíochtaí NOx. Imríonn astaíochtaí tionchar ar na muirir a ghearrtar ar dhola-bhóithre. |
Iarratas ar Dhoiciméad COP
|
Fianú Tiománaithe |
Maidir le tiománaí atá ag gabháil d’iompar earraí a thagann faoi réir Ceadúnais Comhphobail, ar tiománaí é is náisiúnach de chuid tíre nach ballstát den AE í agus é nó í ar fostú ag oibreoir iompair Bóthair as ballstát, is ceart dó nó di fianú tiománaí a bheith aige nó aici chun a dheimhniú go bhfuil sé nó sí ar fostú i gcomhréir leis na forálacha reachtacha iomchuí, agus i gcomhréir leis na forálacha eile, atá i bhfeidhm sa bhallstát sin. |
Iarratas ar Fhianú Tiománaí
|