Príobháideacht & Slándáil

Príobháideacht

Tagann rochtain ar shonraí a bhaineann le ceadúnas oibreora nó deimhniú inniúlachta gairmiúil faoi scáth Alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 2011 (Uimhir 31 den bhliain 2011). Ar aon dul leis an iliomad láithreán gréasáin, úsáideann an láithreán seo fianáin seisiúin a aistrítear go dtí ríomhaire an chuairteora ar feadh achar na cuairte. Úsáidtear an fianán seisiúin sin chun tuairisc a choinneáil ar do dhul chun cinn ar fud an láithreáin, ionas gur féidir linn sábháilteacht agus iontaofacht na sonraí atá in úsáid a chothabháil. Má tá roghnaithe agat fianáin seisiúin a chur ó oibriú ar an mbrabhsálaí, athróidh an láithreán go dtí atreo URL, rud a fhágann gur féidir leat gach gné den tseirbhís ar líne seo a úsáid.

Sa chás gur brabhsáil ghinearálta ar láithreán atá ar siúl, (i.e. sa chás nach bhfuil aon idirbheart á dhéanamh), ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé go mbíonn eolas áirithe staitisticiúil ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse idirlín. D'fhéadfadh go mbeadh san áireamh leis sin:

  • An seoladh loighciúil maidir leis an bhfreastalaí atá in úsáid agat
  • An t-ainm fearainn ardleibhéil óna gceanglaíonn tú leis an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
  • An cineál brabhsálaí atá in úsáid agat
  • An dáta agus an t-am ar cheangail tú leis an láithreán sin againne
  • An seoladh Idirlín a úsáideadh chun ceangal leis an láithreán

Úsáidtear roinnt den eolas thuas chun staitisticí achoimre a chruthú a ligeann dúinn líon na gcuairteoirí ar an láithreán a mheas, na leathanaigh is minice a cheadaítear a shonrú, agus, go ginearálta, an láithreán a dhéanamh níos cóiriúla do lucht a úsáide.


Slándáil

D'fhonn bheith cinnte maidir le cúrsaí slándála maidir le sonraí faoi do chárta creidmheasa nó do chárta Laser, tá teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán (SSL) in úsáid againn. Agus tú ag ceangal le réimsí uile an láithreáin, beidh íomhá an ghlais le feiceáil agat san áit a dtaispeántar comharthaí slándála sa bhrabhsálaí atá in úsáid agat agus is comhartha sin go bhfuil criptiúchán ar bun maidir le an aistriú sonraí idir an brabhsálaí sin agatsa agus an láithreán seo.

Ní mór duit féin bheith cinnte, má tá eolas pearsanta nó sonraí maidir le cúrsaí airgeadais á seoladh agat, go bhfuil an ceangal ar do thaobh féin slán. Má tá an ceangal sin agat féin slán, bíonn íomhá an ghlais le feiceáil i mbarra an stádais agus is https:// seachas http:// a bhíonn ag tús an URL.

Ní dhéantar do fhaisnéis maidir le do chárta Laser ná do chárta creidmheas a choimeád ar an láithreán seo, is é an chaoi a n-aistrítear an fhaisnéis ar bhealach slán go dtí Realex Payments, soláthraí seirbhíse maidir le híocaíochtaí trí chóras ceangailte slán.


Ráiteas Faoi Chóipcheart

Tagann an t-ábhar a fhoilsítear ar an láithreán seo faoi scáth chóipcheart an Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Tá cead an t-ábhar a tharraingt anuas le cur ar chomhad nó le priontáil ar mhaithe le húsáid phearsanta agus sin amháin. Sa chás go scaiptear an t-ábhar seo ar dhaoine eile, ní mór admháil maidir leis an bhfoinse (URL san áireamh) agus an stádas ó thaobh cóipchirt a chur in iúl.

Ní thagann aon ábhar ar an láithreán seo a dtarlódh gur faoi úinéireacht tríú páirtí é faoi scáth an cheada maidir le hábhar cóipchirt de chuid an Rialtais a atáirgeadh. Ní mór údarás le hábhar den sórt sin a chur a atáirgeadh a fháil ón dream ar acu atá an cóipcheart ina leith.


Ráiteas Séanta

Taobh amuigh de na leathanaigh lena ngabhann na céimeanna is gá chun bearta ar líne a dhéanamh, is mar threoir eolais amháin a chuirtear an t-ábhar ar na leathanaigh seo ar fáil. Is é atá de rún leo cur leis an teacht atá ag an bpobal ar eolas faoi Cheadúnaithe Oibreora um Iompar Bóthair. Cé go ndéantar gach dícheall agus an t-ábhar á ullmhú le foilsiú, ní ghlacann an Stát le haon fhreagracht, ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann an Stáit, i ndáil le haon earráid, easnamh nó ráiteas míthreorach ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a mbeadh ceangal leis ó na leathanaigh seo.

Cé go ndéantar gach dícheall cinntiú gur iontaofa na láithreáin a luaitear, ní féidir a cheapadh gur ionann a lua agus aontú nó réiteach lena bhfuil ar aon láithreán acu. Níl aon fhreagracht ar an Roinn maidir le húsáid a bhainfeadh an tríú páirtí as an láithreán gréasáin agus seirbhísí íocaíochta á gcur ar fáil.